Latest News & Updates

Cearta Teanga – Cearta Daonna

10/06/07

Mháirseáil slua mór ar lár cathrach Bhéal Feirste tráthnóna inniu (Dé
Sathairn) chun comhionannas do Ghaeilgeoirí sna Sé Chondae forghafa a
éileamh.

Ta gníomhaithe ag dul i mbun feachtasaíochta leis na míonna anuas le
haghaidh chur i bhfeidhm Acht Gaeilge chun cearta lucht labhartha na teanga náisiúnta sa limistéar forghafa a chosaint.

Sheol Rialtas na Breataine dara tréimhse chomhairliúcháin ar cheist an
Achta, d’ainneoin go raibh an chéad cheann beagnach d’aonghuth ina
thacaíocht dá fheidhmniú a mhaíomh.

Fuair an dara próiseas comhairliúcháin breis agus 4,000 aighneacht, agus
creidtear go bhfuil an formhór arís ar son comhionannais do Ghaeilgeoirí.

Bhí grúpa mór le feiceáil ó Chumann Lúthchleas Gael agus ó ghaelscoileanna áitiúla, a léirigh go cruinn an óigeantacht agus fuinneamh atá ag gluaiseacht na teanga faoi láthair.

Dúirt urlabhraí éirígí Daithí Mac An Mháistir:

“Is cuid lárnach d’athghábhail na hÉireann í go mbeidh an Ghaeilge arís mar ghnáththeanga thromlach na ndaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.

“Is féidir le gníomhnaíochtaí cosúil leis an lá inniu agus iarrachtaí na
bpobal an teanga dhúchais a athaimsiú cuidiú le cur i ngníomh an phróisis
sin.”


Donate to éirígí
If you would like to support éirígí you can download a standing order form here

Donate to éirígí

Email Us
If you would like to be informed of website updates and current campaigns let us know by clicking here


Download
Download Adobe Reader here to view archived documents.

Join éirígí
If you are interested in joining éirígí or have any questions about membership e-mail membership@eirigi.org or phone 086 236 7298

Contact Us

“If you strike at, imprison, or kill us, out of our prisons or graves we will still evoke a spirit that will thwart you, and perhaps, raise a force that will destroy you! We defy you! Do your worst!”

Archives